|
Óró Mo Bháidín (Irish)
Crochfaidh mé seólta 'gus gabhfaidh mé siar
Óró mo churraichín ó,
'S go hoíche Fhéile Eoin ní thiocfaidh mé aniar,
Óró mo bháidín.
Curfa:
Óró mo churraichín ó,
Óró mo bháidín.
Óró mo churraichín ó,
Óró mo bháidín.
S nach breá í mo bháidín a snámh ar an
gcuan
Óró mo churraichín ó,
S na céaslaí á dtarraingt go láidir s go buan,
Óró mo bháidín.
S nach éachtach a léimneach thar tonntrach
árd,
Óró mo churraichín ó,
S nach éatrom í iompar aníos thar an trá,
Óró mo bháidín. |