BW press thumbnail.gif (5547 bytes)
The Performers

st brigit thumbnail.gif (5791 bytes)
About Brigit

 

www.barbarygrant.com

Bhríd Óg Ní Mháille (Irish)
Is a Bhríd Óg Ní Mháille, ‘s tú d’fhág mo chroí cráite
Tá arraingeacha ‘n bháis ag gabháil fríd cheart-lár mo chroí
Tá na mílte fear i ngrá le d’éadan ciúin náireach
Is go dtug tú barr breácht’ ar thír Oirghiall má’s fíor

Níl ní ar bith is áille ná’n ghealach os cionn a’ tsáile
Ná bláth bán na n-áirní bhíos a’ fás ar an droighean
O siúd mar bhíos mo ghrá-sa, ‘na trillsí le breáchta
Béilín meala na páirte nach ndearn ariamh claon

Is tuirseach ‘s is brónach a chaithims’ an Domhnach
Mo hata ‘n mo dhorn liom ‘s mé ag osnaíl go trom
Mé ‘g amharc ar na bóithre a mbínn ‘s mo ghrá’ gabháil ann
‘Nois ag fear eile pósta is mo h-och nach í ‘n fheall

Nach mise ‘tá thíos leis a’ phósadh seo ‘dhéanamh
‘S nach gcodlaím aon oích’ ach ag osnaíl go trom
O nár fhágaidh mé ‘n saol seo go rabh mé ‘s mo chéad-searc
Ar an aon leabaidh sínte ‘s mo lámh faoi n-a cionn

Is buachaill deas óg mé ‘tá ag triall ‘un mo phósta
‘S ní buan i bhfad beo mé mur’ bhfaghaidh mé mo mhian
A chuisle is a stóirín, déan réidh ‘gus bí romham-sa
Cionn deireannach den Domhnach ar Bhóithrín Droim Sliabh

Brigit's Well
© 1997 Changeling Records

 

Click Here to Order Brigit's Well

BW CD red 2.jpg (14647 bytes)
Home | Calendar | Brigit's Well | Photos | Links | Store | Contact Me