Tá Mé ‘Mo Shuí (I Am Awake)

Irish Harp and Voice: Barbary
Cello: Greg Adamson

Tá mé ‘mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir,
Ag cur teineadh síos gan scíth ‘s á fadú go géar,
Tá bunadh an tí ‘na luí ‘s tá mise liom féin.
Tá na coiligh ag glaoch ‘s tá ‘n saol ina gcodladh ach mé.

Sheacht mh’anam déag do bhéal, do mhalaí ‘s do ghrua,
Do shúil ghorm ghlé gheal fá’r thréig mé aiteas is snairc,
Le cumhaidh i do dhiaidh ní léir domh an bealach a shiúl.
Is a charaid mo chléibh, tá na sléibhte (ag) gabháil idir mé ‘s tú.

Deireann lucht léinn gur chlóite an galar an grá,
Char admhaigh mé é nó go raibh sé ‘ndiaidh mo chroí ‘stigh a chrá,
Aicíd ró-ghéar, faraor nár sheachain mé í.
Chuir sí arraing ‘s céad go géar trí cheartlár mo chroí.

Casadh bean sí domh thíos ag Lios Bhéal an Ath,
‘S d’fhiafraigh mé díthe an scaoilfeadh glas ar bith grá.
‘Sé dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh,
Nuair a théann sé faoin gcroí cha scaoiltear as é go brách.     IRELAND