Moll Dubh a' Ghleanna (Dark Molly of the Glen)

Dulcimer and Voice: Barbary
Flute: Aimee Aul
Bodhran: Steve Forman

1. Tá ba agam ar shliabh ‘s níl duine ‘gam na ndiadh,
Ach mé do mo bhuaidhreadh leofa;
Bíodh idir mise is Dia má’s orthu ‘tá mo thriall 
Is bhain siad mo chiall go mór uaim.

Curfa: ‘Sí Moll Dubh a’ Ghleanna í, ‘Sí Moll Dubh an Earraigh í,
‘Sí Moll Dubh is deirge ná’n rósa
‘S dá bhfaighinnse féin mo roghainn de mhná óga deasa ‘n domhain,
‘Sí Moll Dubh a’ Ghleanna ab fhearr liom.

2. Mise bheith gan mhnaoi feata choíche ní bhím,
Is Moll dubh bheith i dtús a h-óige;
Och, is fann guth an éin a labhras leis féin
Ar thulaigh nó ar thaobh na monadh.

3. Is ag Moll dubh a’ ghleanna, tá mo chroí-se i dtaiscí,
‘S í nach bhfuair guth na náire;
Is go ceillí, múinte, cneasta a dúirt sí liom ar maidin;
“Ó imigh uaim ‘s nach pill go brách orm!”

4. Níl’n óganach geanúil ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh,
Is timpeall go h-Umhaill Uí Mháinnle,
Nach bhfuil a dtriall ulig ‘na ghleanna ar eacraidh slime sleamhainne,
I ndúil leis an bhean dubh a b’aille.
     IRELAND