|
Irish Harp and
Voice: Barbary
Fiddle: J'Anna Jacoby
Cello: Greg Adamson
|
1. A Neansaí mhíle grá, a bhruinneall tá gan smál
Go bh’feice mise an t-ádh ‘gus an séan ort
Ba ghile do dhá láimh ná cur geal na trá
Ná an eala is í a’ snámh ar an Éirne
Is glaise liom do shúil ná
braon beag den drúcht
Is binne liomsa tú ná na téadaí
Is mur n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i leanndubh
‘Gus cuirfear in san chill i do dhéidhiaid mé
2. Is iomai guth mná a chluinimse ngach aird
Abhus agus taobh thall den Éirne
Go Corcaigh na Gcuan is go Béal Átha na Slua
Is i Neansaí thug an bua ar a’ méid sin
A Mhuire ‘gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas ár saol
Dá mbeinnse agus í le chéile
Tráthnóna aoibhinn ciúin ó mise ‘gus mo rún
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe
|
3. Beir litir uaimse suas, chuig Neansaí caoin na gcuach
Is aithris di gur buartha atá mé;
Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
Le harraing atá trí mo thaobh deas
Aithris dá súil, aithris dá cúl
Aithris dá méin mhaith chéille
Aithris dá ceann ‘s dá béilín atá binn
Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha’
IRELAND
|